Ar m'fhalaing nár labhair!
D'éirigh Mam agus thóg sí anuas an tslat den chlár os cionn na tine mar a mbíodh sí i gcónaí aici.
"Tar i leith chugam," ar sise.
Ó mhuiricín, bhí mé ag cur uaim! Leis an scanradh a bhí orm bhí mé ag bogadh de ghúna Nell chun dul chun na slaite nuair chuir Nell taobh thiar di mé.
"Ní bhuailfidh tú barr méire ar an mbuachaill," ar sise le Mam. Mo cheol í Nell!
"Buailfidh mé agus bainfidh mé an craiceann anuas de, mar is é ata tuillte aige," arsa Mam.
Bhí faobhar uirthi á rá, a dhuine.
"A faire, a Mham! ná déan," arsa Nell. "Dhein an garsún bocht dearmad agus tá aithreachas anois air."
"Aithrí thóirní," arsa Mam. "Scaoil i leith chugam é agus múinfidh mise dó...."
Ach beidh sé ina bhuachaill maith gach aon uair eile," arsa Nell.
Bhí Nell ar a dícheall.
"Beidh, nuair a bheidh mise críochnaithe leis," arsa Mam, agus thug sí fogha timpeall ar Nell chun beirthe orm.
Léim Nell eadrainn chun mé a chosaint ach is baol go dteipfeadh uirthi agus go mbeadh deireadh mura mbeadh gur dhein Tadhg Óg fóirithin orm. Ní dhearmad -faidh mé go brách dé. Rug sé ar láimh ar Mham agus bhain sé an tslat di.

60
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 60

Scéalta