Ó 'dhuine! ba mhór an fhuascailt é.
Bhí Mam ar buile ach dhein siad caint bhreá bhog léi á ciúnú: gur bhuachaill bocht óg mé
agus nach raibh aon chiall agam— nach mbíonn ceann críonna ar cholainn óg—gur fearr go hanamúil aerach mé ná bheith i mo ruidín mílítheach cois na tine aici—go ndéanfainn fear maith ciallmhar fós, le cúnamh Dé; agus a lán eile cainte mar sin nó go ndeachaigh sí chun suaimhnis.
Ansin tharraing Tadhg scéal eile anuas—go raibh cúig phunt ar bhainbh ocht seachtain ar shráid an Daingin Satharn na Nollag; agus bhréag siad Mam leo mar sin ó bheith ag cothú fala i mo choinne-se.
Fad a bhí siad ag caint d'éalaigh mé féin chun súsa agus mé go buíoch trína fheabhas a chuaigh mé as. Níor thit aon néall codlata orm, áfach, gur chuala Nell agus Tadhg ag imeacht abhaile; agus níor stad mo chroí de bhualadh gur chuala Mam ag dul dá seomra féin.
Is sia a chuimhnigh sí ar mhí-ghníomh lae sin an Dreoilín i mo choinne ná aon rud eile bhí déanta le fada agam.
Gach aon mhaidin Domhnaigh nuair a d'fheicfeadh sí gúna Cháit, agus an rian dubh d'fhan air i ndiaidh an lae mhí-áidh sin, ní fhéadfadh sí gan é chur i gcuimhne dom. Dá mbuaileadh Dia aon seans i dtreo Cháit go bhfaigheadh sí gúna nua, ba mhór an suaimhneas dom é.
Leathanach 61