Ach cad é an mhaith sin?
Ní bhfaighim tar éis na mbeart ach droch-íde. Uair dá raibh gabháil mhóna agam ag teacht,
thug mé gabháil mhór liom d'fhonn a buíochas a thuilleamh; ach thit caorán sa doras agus
mharaigh sé sicín beag dhá lá, agus mharaigh Mam mise.
Ní fhéadaim aon rud a dhéanamh go ceart. Imíonn ainnise éigin ar gach aon ní.
Chuir mo mháthair mé ag cabhrú le Cáit chun na gceachtanna.
"A hocht faoina ceathair" arsa mise.
"A hocht is daichead," arsa an gligín.
"Léan ar do cheann cipín!" arsa mise. (Sin é a deir an Máistir ar scoil linne. Is maith an bhail air nach bhfuil mo mháthair ar scoil aige.)
Nuair a chuala Mam cad dúirt mé le Cáit, tháinig olc uirthi chugam. Rug sí ar scoith cinn orm agus deirimse leat nár fhág sí aon teaspach orm.
"Múinfidh sin fios do bhéas duit," arsa Mam, agus rop sí síos sa seomra mé.
Tá gach aon rud i mo choinne agus ní aon mhaith dom bheith ag iarraidh buachaill maith a dhéanamh díom fein. Ní ligfear dom bheith go maith. Ní bheadh Mam sásta, ceapaim, gan í bheith á rá gach aon uair an chloig nach raibh mé go maith.
Bhí mo chroí scólta nuair cuireadh sa seomra mé. Bhí olc orm chun gach aon duine. Dhein mé pictiúr ar an urlár de sheanbhád Thaidhg Nellí, agus rinc mé mo shásamh uirthi. Bhí mo chroí lán d'olc chuici sin mar sin í a tharraing an mí-ádh seo go léir anuas orm.

63
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 63

Scéalta