Mar seo a thit an scéal amach, tá fhios agat. Ní raibh aon liathróid choise agam féin agus Micilín Eoin.
An seancheann a bhí againn d'imigh sé ina stráicí. Ní raibh ceann nua le fáil gan deich scilling,
agus tar éis bheith ag bailiú uibheacha ar feadh coicíse ní raibh againn ach a ceathair agus toistiún.
Thóg mé féin na huibheacha ón gcirc a bhí deich lá ar gor ag Beit Mhór! Fuair Micilín dá scilling
orthu i siopa an Tobair.
Nuair nárbh fhéidir linn dul thar an gceathair is toistiún b'éigean dúinn slí éigin eile a tharraingt chugainn. Bhíomar i bhfad ag cuimhneamh agus ag smaoineamh agus is é rud a bheartaíomar sa deireadh a dhéanamh ná gliomaigh a dhíol; agus cheapamar maidin Domhnaigh chuige sin.
Bhí a lán cogarnaí ar siúl ag an mbeirt againn. Bhí sé socair againn nach dtógfaimis ach ceithre cinn de ghliomaigh nó b'fhéidir cúig cinn. Ní rachaimis thar chúig cinn. Chuirfimis i gcliabh iad feamnach timpeall orthu agus bhéarfaimis don Daingean ar shlí éigin iad. Bheadh an pheil ag teacht abhaile againn.
Ní ligfimis d'aon duine eile barr bróige a bhualadh uirthi sin. Bheinnse is Micilín inár máistrí ar an bpeil. Bheadh sí oíche agamsa agus an dara hoíche ag Micilín. Ní bheadh cead ag aon duine againn an lamhnán a bhaint amach aisti chun bheith á shéideadh.
![](/assets/Home-68162fc7cdb903df61529e1dd4ccd844fb348a742d4411ac085180fdbde18665.png)
![](/assets/dark_story_board-ad92cc7ebd60e030be0e3a346b57bc42e113cd9243880afcfe14e3fe8fce0efb.png)
![](/assets/next-9a02a9009c41cbe1fa264064a28f40517e885bc8a63334c7a8971441323849fa.png)
![](/assets/prev-95273c208154e33601efad44d71020fddd8233811959c1ffb857b4da0e90333a.png)
Leathanach 64