Istoíche Dé Sathairn thógamar an dá mhaide rámha ó bhinn tí Thaidhg Nellí
agus chuireamar i bhfolach i ndíg sceach iad. Bhí an bád ar snámh i gCuas na Báistí
agus bhí 'fhios againn go mbeadh sí ann ar maidin.
D'imigh an bheirt againn go dtí an chéad Aifreann go luath. Nuair a bhí gach aon duine imithe leo chun an dara hAifrinn ghluaiseamarna chomh fada le Páirc a' Leasa. D'éalaíomar isteach sa lios agus scaoileamar na daoine go léir tharainn. Rugamar na maidí linn ansin, agus chuamar sa bhád. Sean-phota trom is ea í, agus í ainnis le rámhaíocht.
Bhí an ghaoth ón talamh agus bhogamar linn soir le hais na gcloch sa bhfothain. Bhuail corc linn agus rugamar air agus bhíomar ag tarraingt, agus ár dteanga amuigh againn, gur tháinig an pota gliomach aníos go dtí taobh an bháid. Ní raibh faic ann. Ní aon mhisneach a chuir sin orainn, dar ndóigh.
Thángamar go dtí pota eile. Portán dearg a bhí ansin agus a dhá chrúb ar leathadh aige ag iarraidh breith orainn. Scaoileamar uainn an pota.
Níor fhan aon mhisneach mór ansin againn agus dúirt Micilín nach bhfaighimis gliomach an lá sin. Dúirt mise leis paidir a rá agus bhí leath "Ár nAthair atá ar Neamh" ráite aige nuair a chuimhnigh sé gur ag goid gliomach a bhíomar agus tháinig stad sa phaidreoireacht.
Níor mhaith leis, an dtuigeann tú, a iarraidh ar Dhia cabhrú leis chuige sin.

65
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 65

Scéalta