Ach théadh an rámhaíocht inár gcoinne mar bhí an fharraige ró-gharbh agus leagadh
an maide ar ár gcúl anuas den tochta sinn.
Ansin thugainn tamall ag gol, agus ba shin é an gol croí-bhriste.
Chuimhnínn ar Mham agus ar Dhaid agus ar Cháit; agus ghlaoinn ar Mham chun teacht
agus a buachaillín féin a shaoradh.
Agus deirinn léi go bhféadfadh sí mé a bhualadh go mbeadh sí sásta, agus go mbeinn i mo bhuachaill mhaith gach aon uair eile, go deo agus go brách!
Ansin chorraíodh Micilín agus deireadh sé liom paidir a rá agus théimis ar ár nglúine, duine ar gach taobh den tochta, agus deirimis "Ár nAthair atá ar Neamh," agus d'iarraimis ar Dhia agus ar Mhuire agus ar Phádraig, agus ar na Naoimh go léir, teacht i gcabhair orainn.
Bhí 'fhios againnn nach raibh Dia ró-mhór linn toisc a raibh de shladaíocht déanta againn ag iarraidh na peile a cheannach. Gheallamar go prionsabálta nach ngoidfimis uibheacha goir ná gliomach a fhad a mhairfimis beo.
Thuigeamar go mbogfadh sin an scéal dúinn—sinn ansiúd ar ár nglúine agus greim ar thochta báid againn agus an bád á caitheamh síos suas, soir siar, agus an mí-ádh farraige nach bhfanfadh socair.
Ní ró-chruinn atá na rudaí sin i m'aigne in aon chor anois. Is geall i mo chuimhne iad leis an dtromluí a bhí orm bliain ó shin nuair cheap mé go raibh tarbh mór Mhicí Thomáis i mo dhiaidh an cnoc anuas.