Tháinig codladh nó mairbhití éigin orm faoi dheireadh agus is é an chéad rud eile is cuimhin liom
i dtaobh an bháid ná Tadhg Óg a bheith do mo chroitheadh, agus nuair a dhúisigh mé
thug mé faoi deara go raibh cúig cinn de naomhóga timpeall orainn agus greim ag naomhóig
acu ar an mbád.
Bhí Mam sa naomhóig sin. Gheal mo chroí nuair chuir Tadhg isteach sa naomhóig mé agus chonaic mé í. Ní fhéadfainn focal a rá léi ach cromadh ar ghol. Ní raibh aon fhocal as Mam, ach thóg sí ina hucht mé agus d'fháisc sí isteach léi mé agus chuir sí a brat i mo thimpeall. Bhraith mé uirthi go raibh tocht uirthi, ach ní tocht é a chuir aon eagla orm roimpi, agus thit mo chodladh orm, agus níor dhúisigh mé go raibh mé istigh sa bhaile.
Ullamhaíodh dabhach mhór d'uisce te agus cuireadh síos ann mé agus tugadh deocha teo dom agus casadh i bhflainíní mé agus baineadh allas asam, agus ní ligfí dom dul as an leaba go ceann dhá lá. Bhíothas do mo phot-bhiathadh agus ag peataireacht orm ar feadh an fhaid sin.
Ach nuair d'éirigh mé agus gur bhraith siad nár bhaol dom - sin é an uair a fuair Jimín an rud a bhí ag teacht chuige. Níor bhuail sí in aon chor an uair sin mé, ach b'fhearr liom go mór an tslat ná an tslí bhíonn sí ag féachaint orm. Níor gháir sí chugam le seachtain, ná ní dúirt sí "maith an buachaill" liom.

70
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 70

Scéalta