Is dócha gur drochshaghas mé agus gur alfraits mé - sin é an t-ainm a thug sí orm an lá d'éirigh mé.
Ach más alfraits mé dar ndóigh ní mise faoi deara é.
Bím ar mo dhícheall ag iarraidh a bheith go maith, ach teipeann orm.
Táim gan aon locht le seachtain, agus féach! ní dhéanfadh Mam gáire ná muintearas liom.
Cad a dhéanfaidh mé in aon chor má fhanann sí mar seo. Beidh mo chroí briste. Tá sí ró-dhian ar fad ar bhuachaill bocht.
Tá fhios agamsa cad a dhéanfaidh mé léi. Imeoidh mé uaithi. Éalóidh mé amach an doras agus suas an cnoc - suas, suas, suas i measc na n-aillte, agus rachaidh mé isteach i bpluais ann, agus beidh mé go brónach agus go huaigneach, agus tiocfaidh Mam ar mo lorg agus beidh sí ag glaoch orm, ach ní thabharfaidh mé aon fhreagra uirthi agus imeoidh sí go brónach ag gol agus í ag lorg Jimín bhig mhaith.
Agus beidh mé gach aon oíche ag féachaint síos ar an solas inár bhfuinneogna agus beidh fhíos agam go mbeidh Mam ag gol in aice na tine nó ina seasamh sa doras féachaint an mbeinnse ag teacht.
Ach fanfaidh mise sa phluais ar an gcnoc agus mo chroí lán de bhrón, agus beidh an bás ag teacht chugam gach aon lá agus ansin tógfaidh mé amach an smut cailce seo i mo phóca agus scríobhfaidh mé ar taobh na leice bheidh i m'aice : -

"Is iad seo cnámha Jimín a fuair bás san áit seo
agus a chroí briste toisc nach labhródh Mam leis."

71
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 71

Scéalta