Caibidil 8: Mar a Chuir Jimín Spiaire i dTeannta
Cogar i leith, ná hinis d'aon duine dár rugadh é. Táimse i mo shaighdiúir!
Níl aon bhréag ann. In arm na hÉireann atáim agus mé ag foghlaim na saighdiúireachta go tiubh.
Bím ag iompú deiseal, agus ag iompú clé, agus ag iompú ar ais, agus ag bualadh mo shála lena chéile.
Tadhg Óg a mhúin na focail órdaithe dom. Is é Tadhg an captaen atá anseo ar na buachaillí móra, tá fhios agat. Sin é a dhein saighdiúir díomsa, agus a thaispeáin dom conas geáitsí an tsaighdiúra a dhéanamh. Ach ní bhfaighim aon bhlas orthu gan na bróga bheith orm, mar ní dhéanann boinn mo chos nochta aon ghlór, tá fhios agat.
Bhain Mam na bróga díom oíche nuair rug sí orm i dtigh an bhainne agus iad onn agus mé ag máirseáil timpeall agus ag iompú agus ag casadh agus ag cnagadh mo shála. Bhí mé ag bualadh mo chos fúm go breá láidir. "Ar dheis!" arsa mise liom féin faoi mar chuala Tadhg Óg a rá leis na buachaillí.
"Deas agus clé, a bhioránaigh," arsa Mam, ag teacht an doras isteach chugam agus do mo bhualadh le dhá chlabhta, deas agus clé. Ansin rug sí orm agus bhí sí do mo chroitheadh gur thit na bróga díom. Ní raibh siad fáiscthe in aon chor, tá fhios agat; agus ní raibh aon stoca orm.