Dúirt sí go raibh mé ag ardú smúite a bhí ag dul isteach ar an mbainne sna beistí.
Is olc an sás mo mháthair chun misneach a chur ar, aon duine a bheith ina shaighdiúir
ar son na hÉireann, is olc sin. Má bhí me ag tógaint smúite isteach sa bhainne cad é an tábhacht sin i gcomórtas leis an saighdiúireacht a bhí á dhéanamh agam?
Agus tá na seanmhná go léir mar í, mar nuair a bhíonn siad bailithe timpeall na tine sna tithe, ní théann aon lagadh orthu ach ag cáineadh na ndaoine atá "ag cur isteach ar an ngobharmint atá chomh láidir, a chroí," agus "b'fhéidir gurb amhlaidh a stopfaí an pinsean uathu féin," agus "nach bhfuil aon seans go deo go mbogfadh an Sasanach a ghreim in Éirinn."
Sin é saghas cainte bhíonn acu sin. Ach b'fhearr scaoileadh leo - níl fios a mhalairt ag na rudaí bochta. Tá siad dall, mo ghraidhn iad!
Nuair nach raibh aon duine de mo chómhaois i mo theannta d'iarr mé ar Thadhg Óg cead a thabhairt do Mhicilín Eoin, leis, bheith ina shaighdiúir. Thug sé an cead, agus is é gnó thug sé don bheirt againn bheith ag faire agus ag éisteacht, agus ag breith eolais chuige féin i dtaobh aon duine bheadh ar tí na mbuachaillí san áit.
Ghearán mé na seanmhná ar fad leis ach is amhlaidh a gháir sé faoin méid sin. Spiairí agus daoine bheadh ag breith scéalta chun na naimhde—eolas orthu sin a bhí uaidh, a dúirt sé.

74
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 74

Scéalta