As sin amach ní raibh stad le Micilín ná liom féin ach ag cuardach do spiairí.
Bhímis laistigh de na claíocha istoíche ag éisteacht le gach aon duine ghabhadh an bóthar.
Tar éis ár ndíchill, áfach, ní bhfuaireamar aon spiaire sa pharóiste, agus ba orainn a bhí an míshásamh.
Nuair a theip muintir an pharóiste orainn cheapamar go mb'fhéidir go mbuailfeadh seans éigin linn dá bhfairimis strainséirí a bhíodh ag teacht is ag imeacht. Bacaigh is mó a thagadh, agus tincéirí. Is iomaí uair an chloig a thugaimis á bhfaire agus ár gcroí go cráite toisc gur dhaoine macánta iad go léir.
Tháinig fear ón Daingean lá agus droch-chosa faoi agus asal aige, ach níorbh iad Éire ná Sasana a bhí ag cur tinnis air sin.
Tháinig fear eile ar leathchois a raibh dhá mhaide croise aige. Ní chreidfeadh Micilín nár spiaire é i gcló bacaigh, agus d'fhaireamar é féachaint an gcuirfeadh sé an dara cos faoi, ach níor chuir.
Ansin thug tincéir caol rua turas ar an mbaile, agus a bhean agus scata mór de thincéirí beaga fairis. Chuardaigh siad gach aon teach ar feadh an lae agus tráthnóna d'imigh siad soir go dtí an crosaire—iad féin agus asal agus cairt a bhí acu—agus chuir siad fúthu ann i gcomhair na hoíche. Bhí drochfhuadar fúthu, dar linn, agus iad d'fhanacht ansin. Bheartaigh an bheirt againn éalú amach tar éis ár muintir a dhul a chodladh chun an tincéir agus a bhean a fhaire.
Leathanach 75