Chuardaigh siad an teach ar lorg Thaidhg, ach ní raibh aon Tadhg ann dóibh.
Nuair nach raibh sé le fáil istigh acu seo leo ag cuardach na dtithe go léir amuigh.
Nuair a chuaigh siad i dtigh bainne Mháire Aindí agus bhuail an tincéir leo, bhí gleo mór
agus glaonna ar siúl acu, agus caint mhór láidir ag an tíncéir. Ní chreidfidís nárbh é Tadhg Óg a bhí acu. D'ardaigh siad leo é agus na ceangail air.
Nuair a thángamarna anuas chun na dtithe arís bhí an baile go léir ina suí agus gach teach acu ar lorg a dhuine féin. Bhí Máire Aindí ag dul i bhfanntaisí, agus bhí Nell ag gol agus Tadhg Óg á cur ar a suaimhneas. Níl aon réasún le mná!
Nuair a chuaigh Máire Aindí go tigh an bhainne ar maidin fuair sí mála an tincéara ann agus trí cinn déag dá cearca féin istigh ann, marbh.
Nuair d'inis sí domsa é thuig mé an scéal. Bhí déistin orm. Ní raibh faoi ghlas agam tar éis an tsaoil ach gadaí cearc.

81
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 81

Scéalta