Caibidil 9: Jimín agus an Mheitheal ag Baint na Móna

Tá cloig ar mo lámha, agus mé buí ón ngréin, agus an craiceann dóite ag imeacht de mo shróin mar bheadh craiceann práta bheadh ró-bheirithe. Agus tá mo chnámha chomh tinn nach maith liom cor a chur díom.
Ar meithil na móna d'imigh sé seo ar fad orm. Dar muige! má tá gach aon duine bhí ar an meithil chomh tuirseach agus táimse - ní foláir nó tá siad míbhuíoch don té cheap móin ar dtús. Againne bhí an mheitheal, agus coimeádadh mise sa bhaile ón scoil chun an t-asal a thiomáint go dtí an portach leis an mbia.

Ar feadh trí lá roimh lá na móna bhíomar ag ullmhú. Bhí Mam ag déanamh cístí aráin; agus choinnigh sí ceithre phunt ime ar leithligh; agus chuir sí mise go tigh Bheit Mhór agus Mháire Aindí chun an crúsca mór cré a fháil ó Bheit, agus crúsca mór stáin ó Mháire.
Bhí glor breá ag an gceann stáin nuair a bhí mé á bhuaileadh le smut de mhaide; agus leis an nglór níor chuala Mam á rá liom stad, gur tháinig sí ar mo chúl agus gur thug clabhta sa leathcheann dom.

82
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 82

Scéalta