Bhí an citeal beirithe nuair a tháinig mé, agus bhí cuid de mhuintir an bhaile ag teacht.
Tháinig Tadhg Óg leis. Bhí pící acu ar fad.
Cheangail m'athair na pící go léir, agus trí shleán, trasna ar sháilíní na cairte,
agus chuir sé beart d'fhéar ghlas as an móinéar isteach inti.
D'ith siad go léir bricfeasta - ní raibh slí timpeall an bhoird in aon chor dóibh. Gabhadh an capall ansin agus as go brách leo agus iad caite i dtoll a chéile sa chairt, agus na pící agus na sleánta ag gliogarnaigh.
Nuair a bhí siad imithe chuir Mam faobhar uirthi féin. B'éigean dom cliabh a fháil di agus féar. Chuir sí crúsca mór cré Bheit Mhór síos sa chliabh agus féar faoi agus timpeall air. Chuir sí an citeal isteach i mbosca, agus stán an ghleo Mháire Aindí agus é lán de leamhnacht, agus an t-im, agus sceana, agus cúpla spúnóg, agus ocht gcinn de sháspain, agus punt de thae, agus ladhar siúcra; agus thug sí dom ocht n-únsa tobac do na fir a bhí sa mheithil. Chuir sí an t-arán go léir i mála agus bhuail isteach sa trucaill é.
"Sea 'nois," ar sise, "ná bíodh sé den mhífhortún ort aon rud a chailliúint ar an mbóthar; agus ná caith an lá ar an mbóthar nó maróidh na fir tú. Sea, suigh isteach anois."

84
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 84

Scéalta