Mise, leis, a cuireadh ar fuaid an bhaile ar lorg sleánta.
Thug mé Micilín Eoin liom agus níor fhágamar aon teach i ngiorracht míle dúinn
nár lorgaíomar sleán ann do Mham.
Ba shin tar éis scéal an cheaintín, tá fhios agat, agus bhí mé beartaithe mo dhícheall a dhéanamh ag soláthar sleánta chun í shásamh. Fuaireamar naoi gcinn acu di!
Ba é ár ndícheall iad a iompar abhaile. Bhí ár dteanga amuigh againn agus bhíodh sleán ag titim uainn anois is arís.
Ach níorbh aon tábhacht é sin seachas Mam nuair a chonaic sí an t-ualach sleánta an bhuaile aníos chuici. Mheas mé go dtarraingeodh sí an baile orm. Thug sí "amadáinín" is fiche orm. Ba shin é mo bhuíochas tar éis mo dhíchill. Ní dúirt sí liomsa nach raibh uaithi ach dhá shleán.
I dtaobh na sleánta sin, tá achrann mór ar siúl. Níor chuimhin liomsa cad é an teach a bhfuair mé aon cheann acu ann, agus nuair cuireadh abhaile iad ní raibh a cheann féin ag aon duine. Ní raibh aon leigheas agamsa air sin, ach aon duine dhéanadh gearán nárbh é a shleán féin a chuirtí abhaile chuige - mise a dhíoladh as.
Ar maidin is é an chéad rud a chuala ná mo mháthair ag glaoch go hárd is go géar orainn. Dúirt sí go raibh an mhaidin caite.
Cheap mé, am baic, ón gcaint a bhí aici, go raibh sé tar éis a deich nó mar sin. Phreab mé síos don chistin ach ní raibh sé ach leathuair tar éis a cúig! Thiomáin sí Daid ag iarraidh an chapaill agus mé féin ag iarraidh na mbó.
![](/assets/Home-68162fc7cdb903df61529e1dd4ccd844fb348a742d4411ac085180fdbde18665.png)
![](/assets/dark_story_board-ad92cc7ebd60e030be0e3a346b57bc42e113cd9243880afcfe14e3fe8fce0efb.png)
![](/assets/next-9a02a9009c41cbe1fa264064a28f40517e885bc8a63334c7a8971441323849fa.png)
![](/assets/prev-95273c208154e33601efad44d71020fddd8233811959c1ffb857b4da0e90333a.png)
Leathanach 83