Tháinig Mam suas liom leis na sáspain agus dúirt sí liom go raibh 'fhios aici go maith
go gcaillfinn na sáspain. Sin é a deir sí le gach rud - go raibh 'fhios aici féin go maith é.
Tá Mam an-smeartáilte.
B'áil le Dia gur bhain mé amach an portach gan aon óspairt eile. Nuair a tháinig mé ann bhí siad ag gabháil dom i dtaobh a bheith fada ag teacht.
Ní raibh mé fada ag teacht, ach is amhlaidh a bhí an iomarca den dúil acu féin sa rud dubh a bhí sa phróca mhór cré. Ní túisce bhí mé tagtha ná thóg siad as an gcliabh é agus fuair gach duine acu taoscán sáspain de, ach Tadhg Óg. Ní ólfadh Tadhg Óg in aon chor é.
Bhí Tadhg ar an sleán an lá go léir agus ceathrar ag píceáil ina dhiaidh, ag caitheamh na bhfód ó dhuine go duine.
Mise ba chócaire. Bhailigh mé cipíní giúise agus caoráin thirime, agus d'adaigh mé tine i lár an phortaigh.
Líon mé an citeal as poll uisce bhí in aice liom, ach is láidir nár mharaigh siad mé mar gheall air. B'éigean dom é chaitheamh as arís agus dul go dtí sruthán i bhfad suas chun uisce a fháil.
Dúirt siad liom an ceaintín bainne a chur síos i bpoll móna chun nach ngéaródh an leamhnacht leis an teas.

87
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 87

Scéalta