Rug mé ar earc luachra a bhí faoi dhá chaorán mhona agus ar cheann de na loscainn a bhí, leis, ann.
Bhí an loscann i mo phóca agam agus nuair a bhí Tadhg Mór ag ol sáspain den rud dubh
chuir mé an loscann isteach ann gan a fhios dó.
Á mheas a bhí mé go slogfadh sé an loscann, mar ba mhaith liom Tadhg a fheiscint nuair a bheadh an t-aimnhí ag léimnigh istigh ann.
Ach nuair a chuir sé an sáspan ar a cheann tháinig an loscann aníos chuige agus chuir Tadhg béic as agus chaith sé uaidh an sáspan.
Chaith sé amhras láithreach ar Dhonnaichín Eoin—gurbh é chuir an rud chuige —agus bhí sé ag éirí crosta. Bhí aighneas mór ar feadh tamaill ann mar bhí néall buile ar Thadhg Mhór agus ní éistfeadh sé le haon réasún go ceann i bhfad.
Bhí mé fein ag breith chugam, am baic! agus d'imigh an loscann de léim den bport síos i bpoll eile.

I gceann tamaill chrom siad go léir ar obair arís agus gan focal astu; ach anois is arís bhriseadh a gháire amach ar dhuine éigin agus bhídís ag scithiríl chucu féin.
Níor mhór dom féin dul ag píceáil. Bhí sé deas go leor ar feadh tamaill, ach ansin chuaigh na fóid i dtroime, mheas mé, agus tháinig teas ar mo bhoisíní agus d'imigh an spórt as an scéal dom. Ní fhéadfainn stad, mar bhí na fóid ag teacht ró-thiubh orm agus cheanglaíodh cuid acu ar an bpíce nuair a bhínn á gcaitheamh uaim, agus ní mór ná go leagaidís mé.

88
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 88

Scéalta