Bhí mé cráite scólta acu agus mo dhá dhearna ar lasadh, agus gan faoiseamh le fáil
ach na fóid mhí-áidh á gcaitheamh ar fuaid na gcos agam.
Ba é toil Dé gur chuimhnigh Tadhg Óg ar an gciteal.
"'Jimín," ar seisean, "féach an bhfuil an t-uisce beirithe." Ba mhór an fhuascailt í.
D'imigh mé agus is é an chéad rud a dhein mé mo dhá láimh a chur síos faoi uisce i bpoll móna. Ba bhreá an fionnuarú é. Ní bhfuair mé a leithéid de shásamh as aon rud riamh.
Sa chiteal a deineadh an tae. Caitheadh tae agus bainne agus siúcra isteach ann i dteannta a chéile. Níor bhlais mé riamh aon tae chomh deas leis.
Gearradh an t-arán go ramhar, agus cuireadh an t-im go ramhar anuas air, agus sinn suite ar bhlocanna giúise agus ar fhoid mhóna ag ithe, agus na fir ar fad ag caint i dtaobh laetheanta móna agus gaisce le sleánta.
Bhí siad ag cur barr-fhód agus bun-fhód agus méath-mhóna agus spairte trína chéile; ach ní ag éisteacht leo a bhí mise ach, ag iarraidh gal a chaitheamh as phíopa Thaidhg Óig gan 'fhios dom athair.
Dheineamar tae arís tráthnóna timpeall a cúig a chlog agus dúirt siad liomsa go raibh mo lá curtha síos agam, agus bheith ag cur díom. Bhí siad do mo mholadh—gurbh an-bhuachaill mé.
Bhailigh mé le chéile mo chuid guirléidí ar fad tar éis an tae agus rug mé ar an asal agus bhí mé ag cur díom abhaile agus mé ag amhrán. Thug mé lán an chléibh de ghiúis thirim go dtí Mam, agus thug mé earc luachra liom istigh i bpáipéar go dtí Cáit.
Leathanach 89