Tháinig néall ar Dhonncha Neans.
"Dhéan tú iad a athrú, a lúbaire!" ar seisean, agus bhuail sé flíp ar fhear na gcártaí.
Thóg seisean a mhaide croise agus bhuail sé Donncha sa bhaithis.

Ní fhaca-sa de ach an méid sin mar chuaigh a lán eile sa ghráscar. Bhí siad go léir in aon tranglam amháin agus b'éigean domsa cur díom.
Seo liom síos mar a raibh na naomhóga. Sin é an áit a raibh an suaitheadh agus an siosma, agus gach duine ag moladh a chriú féin agus ag cáineadh gach aon chriú eile.
D'imíodh naomhóg ar sciuird léi féin an cuan siar.
"Ó hanaman scian!" a deireadh fear, "nach deas iad!"
Labhraíodh fear eile á fhreagairt:
"B'fhéidir dá mbeadh naomhóg eile suas lena gcliathán gur beag an teaspach fhágfadh sí orthu."
"Ara, níor chás dóibh - níl criú sa chuan inniu a dhéanfadh aon lámh orthu," a deireadh an chéad fhear. "An iad muintir Chuas a' Phortáin ariú? Mhuise, cúis gháire chugainn! Cad a dhein siad riamh?"
"Dhein siad, an rud a dhéanfaidh siad inniu arís—an suae a bhreith leo ó Bhéal Carraige."
"Cuirfidh mé cúig phunt leat nach ndéanfaidh siad."
"Cuirfidh mé, agas fiche punt," arsa an fear eile, agus chuir sé lámh ina phóca. Ní dóigh liom go raibh fiche scilling ag an bhfear céanna.

95
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 95

Scéalta