Bhí lucht na naomhóg ag baint díobh - níor fhág siad caipín ná casóg ná veist orthu féin.
Bhí gach duine ag liúirigh orthu agus á moladh agus a gcomhairliú agus á ngríosú.
Chloisfeá fear agus é ag béicigh ar naomhóig acu.
"Dar anam d'athar, a Mhaidhc, ná scaoil go brách le Cuas a' Phortáin é."
Ní fada gur imigh an dá naomhóig agus cúrán bán faoina dtosach agus an dá cheathrar ag iomramh ar a ndícheall báis, siar 's aniar, siar 's aniar, gan stad, gan staonadh, agus na hocht maide ar comh-imeacht.
Bhí na daoíne i dtír ag dul ar mire agus iad ag rith ar feadh na trá agus ag liúirigh agus ag bagairt a lámh agus a ndoirne ar na naomhóga, agus ag tabhairt orduithe dóibh, agus ag rá "Mhuise mo cheol sibh!" agus gan lucht na naomhóg á gclos in aon chor, ach iad ag tarraingt gur dhóigh leat go mbrisfeadh a gcroí.
Ansin bhris Maidhc Mór dola.
"Ó, Dia linn is Muíre!" arsa gach duine mar cheap siad go raibh an rás caillte dá dheasca. Ach chuir Maidhc dola nua isteach agus thosaigh sé arís ar bhuillí móra rámha.
"Ó my! is tréan an fear é," arsa gach duine.
Ansin bhris an fear tosaigh sa naomhóig eile maide rámha.
"Ó, faire go deo!" arsa na daoine; ach chuir siad go léir liú molta astu nuair a tharraing sé chuige maide nua. "Fear groí," a dúirt siad.

96
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 96

Scéalta