‘Tugadh go dtí an bheairic é agus an slua sin á thionlacan. Tugadh go Gaillimh an oíche sin é. Cuireadh faoi thriail é an mhí a bhí chugainn. Mionnaíodh go raibh sé sa teach ósta an oíche úd. Mionnaíodh go raibh fear dubh ag cur síos ar na tiarnaí talún. Mionnaíodh gur fhuagair sé go mbeadh an tiarna ag teacht an oíche sin le daoine a chaitheamh amach as a seilbh lá arna mhárach. Mionnaíodh go raibh Cóilín Mhuirne ag éisteacht go haireach leis. Mionnaíodh gur dhúirt Cóilín na focla úd, “é a mharú anocht,” nuair a dúirt Cuimín Ó Nia, “cén chaoi is féidir cosc a chur leis an mbodach?” Mionnaíodh gur mhol an fear dubh é as ucht na focal sin a rá, gur chroith sé lámh leis, gur ól siad gloine le chéile. Mionnaíodh gur fhan Cóilín sa tsiopa tar éis imeacht do mhuintir Ros na gCaorach, agus gur fhág sé féin agus an fear dubh an siopa le chéile cúig nóiméad ina dhiaidh sin.
Tháinig pílear ansin agus mhionnaigh sé go bhfaca sé Cóilín agus an fear dubh ag fágáil an bhaile mhóir agus nach é bóthar Ros na gCaorach a thugadar orthu féin ach bóthar na Gaillimhe. Ar a hocht a chlog d’fhágadar an baile mór. Ag leathuair tar éis a hocht caitheadh urchar leis an tiarna ar bhóthar na Gaillimhe. Mhionnaigh pílear eile gur chuala sé torann an urchair. Mhionnaigh sé gur rith sé go dtí an áit agus ag druidim leis an áit dó go bhfaca sé beirt fhear ag baint as sna fáscaí. Duine caol ab ea duine acu agus é gléasta mar a bheadh duine uasal. Buachaill tuaithe a bhí sa bhfear eile.

19
An Bhean Chaointe

Leathanach 19

Scéalta