“Cén sórt éadach a bhí an buachaill tuaithe a chaitheamh?” arsa an dlíodóir.
“Culaith bháiníní,” a deir an pílear.
“Arb in é an fear a chonaic tú?” arsa an dlíodóir, ag síneadh a mhéir chuig Cóilín.
“Déarfainn gurb é.”
“An mionnaíonn tú gurb é?”
Níor labhair an pílear ar feadh scaithimh.
“An mionnaíonn tú gurb é?” arsa an dlíodóir arís.
“Mionnaím,” arsa an pílear. Ba bháine éadan an phílir an nóiméad sin ná éadan Chóilín féin.
‘Mhionnaigh cuid againne ansin nár chaith Cóilín urchar as gunna riamh; go mba bhuachaill macánta mánla é nach ngortódh cuileog dá mbeadh neart aige air. Mhionnaigh an sagart pobail go raibh aithne aige ar Chóilín ón lá ar bhaist sé é, gurbh é a bharúil nach ndearna sé peaca riamh, agus nach gcreidfeadh sé ó dhuine ar bith go maródh sé fear. Ní raibh maith dhúinn ann. Ní raibh aon bhrí inár bhfianaise in aghaidh fianaise na bpílear. Tugadh breith an bháis ar Chóilín.
‘Bhí a mháthair sa láthair ar feadh na haimsire ar fad. Níor labhair sí focal ó thús deireadh, ach a dhá súil greamaithe i ndá shúil a mic agus a dhá láimh fáiscthe le chéile faoina seál.
“Ní chrochfar é,” arsa Muirne an oíche sin. “Gheall Mac Dé dhom nach gcrochfar é.”
Leathanach 20