Caibidil 11: Oíche Iascaigh

Tráthnóna Dé hAoine bhí mé thíos sa Chuas ag féachaint orthu ag cur na líonta sna naomhóga.
Bhí iasc sa chuan, tá fhios agat - maircréil Fómhair agus iad ag ráthaíocht ar bharr an uisce
le dhá lá roimhe sin, agus mheall siad muintir an bhaile chun dul ina ndiaidh.
Tógadh anuas láithreach seanlíonta a bhí le bliain ar na lochtaí agus ar na maidí snaidhmthe, agus deisíodh na mogail bhriste iontu agus ullmhaíodh chun iascaigh iad.
Trí naomhóg atá sa chuas seo againne, agus gach ceann acu páirteach idir beirt nó triúr. Athair Mhicilín atá páirteach le Tadhg Óg, agus thug siad Donncha Pheig leo ina thríú duine.
Bhí an tráthnóna go breá agus barr taoide ann nuair a bhíomar ag bordáil na líonta thíos ag Leac a' Bháid. Mise bhí ag coinneáil na naomhóige do chriú Thaidhg Óig feadh a bhí siad sin ag réiteach an lín agus ag ceangal na gcloch i ngiorracht gach aon chúpla feá dá chéile, agus á socrú i dtóin na naomhóige i dtreo nach mbeadh aon bhaol go rachadh an líon in achrann nuair a bheidís á chur i bhfarraige.

98
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 98

Scéalta