Mar sin dóibh ar feadh dhá mhíle gur tháinig siad go dtí an dara polla chun casadh abhaile.
Ag gabháil timpeall ar an bpolla dóibh ní fhágfadh aon cheann acu slí dá chéile agus, slán mar a
n-insítear é, chuaigh an dá naomhóig in achrann ina chéile.
D'éirigh an dá chriú chun a chéile agus cheap mé féin go mbeadh duine éigin báite.
Níor bádh, ámh, mar bhailigh na naomhóga eile isteach orthu agus stop siad iad.
Ach bhí deireadh leis an rás.
Nuair a tháinig Maidhc Mór isteach dúirt sé gurbh iad an mhuintir eile a dhein an feall. Dúirt lucht na naomhóige eile gur d'aon ghnó a chuaigh muintir Mhaidhc ceangailte iontu féin nuair a bhí siad 'béiteálta' acu. Chreid gach dream istigh a muintir féin agus ba ghearr go raibh an slua go léir ag áiteamh ar a chéile.
"Up Maidhc Mór!" arsa duine.
"Nárab ea," arsa gligín eile, "ach up Cuas a' Phortáin!"
Má bhí argóint ann roimh an rás níorbh aon ní é seachas an gíotam a bhí ar siúl ina dhiaidh.
Bhí na mná féin corraithe go mór, agus ba dhóigh leat ar an gcaint a bhí acu gurbh é a gcúram riamh bheith ag tarraingt naomhóige - gach bean acu ag lochtú buillí rámha na bhfear i naomhóig an té bhíodh ag caint léi.
Bhí na mná chomh húdarásach ina gcuid eolais le Sean-Diarmaid Buí a chaith trí fichid bliain dá shaol i dtóin naomhóige.
Tar éis ár bpingíní deiridh a thabhairt ar mhilseáin i gcomhair an bóthair, d'imigh mé féin agus Micilín abhaile.