Ní raibh gíog asam agus iad ag teacht sa naomhóig.
Bhraith mé ag cur na maidí amach iad, agus níorbh fhada gur bhraith mé siúl ag teacht faoin naomhóig.
Nuair bhog sí amach as an gcuas bhraith mé í ag titim agus ag éirí le suaitheadh na farraige.
Bhí mífhoidhne orm teacht amach ón seol agus preab a bhaint astu; ach bhí eagla orm dá ndéanfainn ró-luath é go bhfillfidís agus go gcuirfidís i dtír arís mé. Ba shia liom gach nóiméad ná uair an chloig ag feitheamh. Níor labhair aon duine den triúr go ceann i bhfad ach iad ag tarraingt leo go fada breá réidh. Ansin chonaic athair Mhicilín rud éigin sa bhfarraige.
"An tóithín é sin laistigh dínn?" ar seisean. Stad an rámhaíocht. I gceann tamaill labhair Tadhg Óg.
"Tá scol acu ann. Soir atá siad ag gabháil. Ní aon droch-chómhartha ar iasc iad sin a bheith ann."
Thabharfainn an saol ar chead a bheith agam éirí chun na muca mara a fheiscint, ach cheap mé, am baic, go mb'fhearr mo cheann a choimeád go híseal tamall eile.
Bhí siad ansin ag caint ar an díobháil a dhéanann na muca mara agus na cránacha mara do na líonta, agus an tslí n-itheann na madraí éisc agus na cailleacha breaca an t-iasc as an líon.

100
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 100

Scéalta