Dúirt athair Mhicilín go raibh trí mhíle gabhar sna líonta acu maidin agus go raibh greim bainte
as gach aon cheann riamh acu ag na madraí.
Ní dócha gur thug siad féin faoi deara in aon chor é, ach ní raibh aon chaint acu
ach ar chailleacha breaca agus ar ghabhair agus ar mhadraí agus ar mhuca agus ar ainmhithe eile.
Nach ait é go bhfuil gach aon ainmhí riamh acu sa bhfarraige.
Bhí mé fad gach nfaid faoin seol agus sa deireadh ní fhéadfainn foighneamh a thuilleadh agus chuir mé amach mo cheann. Bhí sé nach mór dorcha. Bhí droim an triúir liom agus ba é Donncha Pheig ba ghiorra dom.
Bhí siad ag tarraingt leo agus ag caint, agus Donncha ag cur as ag cáineadh duine éigin, agus an-sult ag an triúr á bhaint as an scéal.
Ní fhéadfainn foighneamh a thuilleadh. D'éirigh mé go ciúin amach ón seol agus bhí mé ag lámhacán liom siar go raibh mé buailte le droim Dhonncha. Ansin rug mé go tobann isteach faoi bhun a easnacha air agus dúirt mé—"Gur-r-r-r-!"
Bhuel! mura mbeadh agat ach aon gháire amháin chaithfeá é dhéanamh faoi Dhonncha Pheig. Thit an dá mhaide rámha uaidh agus chuir sé béic as.
"I gcuntas Dé na bhfeart!" ar seisean, agus ansin chaith sé é féin ar bhior a chinn siar faoin tochta a raibh athair Mhicilín ina shuí air. Stad an bheirt eile, leis, den rámhaíocht. Bhain athair Mhicilín Fíor na Croise de féin.

101
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 101

Scéalta