‘Dúirt mé go mbeadh comhrá againn faoi arís. Tá an comhrá sin ar siúl anois, a chroí. Agus tá mé sásta éisteacht leat má éisteann tusa liomsa freisin.’
Go bog séimh a labhraíonn Mam. Bíonn sé deacair argóint a dhéanamh léi. Fiú nuair a bhíonn sí míshásta, labhraíonn sí go ciúin cneasta.
Thóg mé mo spúnóg i mo lámh arís ach ní raibh goile agam. Bhíodh laethanta saoire deasa againn nuair a bhí Mam agus Daid le chéile. Breis is dhá bhliain ó shin a scar siad ó chéile. Anois tá clann nua ag Daid. Cén fáth nach raibh mise maith go leor dó mar chlann?
‘Bí ag ithe, a stór,’ arsa Mam. Ceapaim go mbíonn sí ag éisteacht le mo chuid smaointe. ‘Tuigim go bhfuil sé deacair ort fós, an saol nua seo atá againn ó scar do dhaid liom. Ach ní imíonn gach duine ar saoire ar eitleán trí nó ceithre uaire sa bhliain, mar a dhéanann Zara. Agus is maith an rud é a bheith difriúil leis an slua.’
‘Táimid ródhifriúil, a Mham, nach dtuigeann tú é sin?’ D’ardaigh mé mo ghuth. Bhí mé tuirseach den chaint chiúin chneasta. Leag mé síos mo spúnóg arís agus d’fhéach mé idir na súile ar mo mham. Bhí fearg agus frustrachas ag méadú ionam.
‘Ní ithimid feoil gach lá,’ a dúirt mé, ‘mar go mbíonn tú buartha faoi na hainmhithe. Ní cheannaímid mórán éadaí nua mar gur fuath leat an truailliú a thagann ó na héadaí ar fad a chaitear sa bhruscar. Ní rachaidh tú ar eitleán mar go bhfuil tú buartha faoin athrú aeráide. Tá tú buartha faoin domhan mór ach níl tú buartha faoi d’iníon féin.’
Shín sí a lámh amach chugam. Úna is ainm di, Úna Chiúin Chinnte mar a thugadh Daid uirthi uaireanta. Ní minic a ardaíonn sí a guth agus ní minic a athraíonn sí a haigne ach an oiread.
‘Cinnte tá mé buartha fút, a Róise,’ ar sí. ‘Sin an fáth a mbím ag iarraidh laghdú a dhéanamh ar an athrú aeráide. Beidh do shaolsa i bhfad níos deacra má leanaimid leis an scrios aeráide.’
‘Ach cad is fiú a bheith buartha faoi chúpla turas eitleáin? Beidh na heitleáin sin ag dul go dtí an Spáinn ar aon nós.’

2