‘Ní bheidh na milliúin eitleán thuas sa spéir má stopaimid ag eitilt go rómhinic. Ba mhaith liomsa triail a bhaint as saoire níos glaine. Saoire nach ndéanfaidh dochar do dhaoine i dtíortha bochta atá ag fulaingt ónár gcuid nósanna.’
‘Ba mhaith liomsa gan a bheith ag smaoineamh ar na fadhbanna móra sin gach uile lá.’ Sheas mé agus bhrúigh mé siar mo chathaoir. Theastaigh uaim an bua a fháil san argóint. Shiúil mé go dtí doras na cistine. Smaoinigh mé ar an saol breá a bhíonn ag Zara. A mam agus a daid sa bhaile le chéile, teach mór acu agus a lán laethanta saoire acu gach bliain.
‘Téann Zara ar eitleán cúig nó sé uaire sa bhliain,’ a dúirt mé agus mé ag siúl amach. ‘Deir a tuismitheoirí gur oideachas iontach é. Oideachas níos fearr, dar liomsa, ná a bheith buartha faoi na rudaí uafásacha a tharlaíonn do dhaoine eile.’

