Don Nollaig seo caite a fuair mise mo chéad ghuthán. Bíonn cead agam é a úsáid ar feadh uair an chloig amháin sa lá. Ar ndóigh fuair Zara guthán den chéad uair i bhfad romhamsa. Is maith lena tuismitheoirí í a choimeád sona sásta.
Tá sceitimíní ar a lán daoine sa ghrúpa ranga faoi na laethanta saoire agus faoi na pictiúir iontacha a roinnfimid lena chéile. Beidh pictiúir áille ag Zara ón Veinéis, tá mé lánchinnte de sin. Bíonn sí ag caint faoin Veinéis gach lá. Na canálacha móra agus na báid ar an uisce. Na bialanna breátha agus na siopaí do thurasóirí. Roinn sí grianghraif leis an ngrúpa den óstán galánta ina mbeidh sí ag fanacht. Beidh pictiúir ag a lán cailíní agus buachaillí sa rang ón Spáinn agus ó Disneyworld. Ní theastaíonn uaimse pictiúir a roinnt de thuras bus in Éirinn. Má tá aon chailín nó buachaill eile sa rang ag dul ar saoire ar bhus, tá a mbéal dúnta acu faoi.
Ach tá plean beag agam. Ní inseoidh mé do mo chairde cá bhfuil mé ar saoire. Roinnfidh mé pictiúir leo ó áit saoire nach bhfuil in Éirinn. Caithfidh mé smaoineamh conas is fearr sin a dhéanamh chun go gcreidfidh siad mé.
Inniu Satharn Cásca. Caithim an Satharn le mo dhaid de ghnáth. Tá cónaí orainn go léir i Má Nuad i gContae Chill Dara. Tá cónaí ormsa le mo mham Úna i dteach beag ar thaobh amháin den bhaile. Tá Daid agus a chlann nua in árasán ar an taobh thall de. Daid agus an bhean nua, Bláthnaid. Agus Fiadh, an leanbh a bhí acu le chéile. Bíonn Charlie, mac Bhláthnaid, san árasán leo cuid den am freisin.
Casaim le mo dhaid i lár an bhaile beagnach gach seachtain. Is baile mór bríomhar é Má Nuad. Tá ollscoil ann ina bhfuil daoine óga as gach cuid den tír. Ag an am céanna is féidir siúl suas síos an phríomhshráid agus casadh le do chomharsana. Inniu tá mé ag casadh le Daid i gcaifé atá ag barr na príomhshráide. Tá boird agus cathaoireacha lasmuigh agus páirc mhór trasna na sráide. Tá crainn mhóra sa pháirc agus uaireanta siúlaimid suas an cosán go dtí óstán an-ghalánta darb ainm Teach Chartún. Is teach stairiúil é ina mbíodh cónaí ar dhaoine saibhre fadó. Ní raibh mise istigh san óstán riamh ach is dócha go mbíonn muintir Zara ann go rialta.

