Uaireanta eile téim féin agus mo dhaid go dtí scannán nó siúlaimid timpeall ar an ollscoil. Téim go dtí a árasán uair sa mhí nó mar sin ach ní fhanaim thar oíche de ghnáth. Níl a lán spáis ann agus bíonn a chlann nua ansin freisin.
Bhí Daid ina shuí ag bord lasmuigh den chaifé. Bhí spéaclaí gréine air agus buidéal uisce ina lámh. Rinne sé meangadh mór liom nuair a chonaic sé mé. Bíonn meangadh gáire ar a bhéal go minic. Ní bhíonn seisean róbhuartha faoi fhadhbanna móra an domhain.
Darach is ainm dó agus mhol sé dom cúpla mí ó shin a chéad ainm a rá in áit ‘Daid’. Ceapann sé gur nós fásta suas é ‘Darach’ a rá. Ach ní aontaím leis. Tharla an iomarca athruithe i mo shaol le cúpla bliain anuas. Níl mé ag iarraidh aon athrú eile, go raibh míle maith agat, a Dhaid.
‘Hé, is breá liom an feisteas!’ ar sé. ‘Áthas orm go bhfuil na gloiní gréine orm nó bheinn dallta ag na dathanna geala!’
‘Tá súil agam nach bhfuil tú ag magadh fúm, a Dhaid!’ arsa mise. Ach bhí mé an-sásta gur mhol sé mo chuid éadaí nua. D’airigh mé fásta suas iontu. Thug sé barróg dom agus d’fhiafraigh sé díom cad ba mhaith liom a ithe. Bhí a fhios aige go roghnóinn burgar mór nó eití sicín spíosraithe. ‘Na heití, le do thoil,’ arsa mise láithreach.
Bhí mo chosa istigh faoin mbord agam nuair a tháinig an freastalaí chugainn. Tá mo chosa róbhán, tá mé lánchinnte de sin, agus ní maith liom iad a chur ar taispeáint. D’ordaigh mo dhaid na heití sicín do bheirt agus gloine liomanáide an duine dúinn freisin.
‘Cloisim,’ ar sé go héadrom, ‘go bhfuil sos cogaidh idir tú féin agus do mham Úna. An bhfuil na ticéid agaibh don turas bus trasna na tíre?’
‘Tá, is dócha,’ a d’fhreagair mé.
‘Inis dom cá rachaidh sibh, mar sin?’
‘Rachaimid ar an traein go Gaillimh ar an Máirt tar éis Domhnach Cásca. Ansin rachaimid ar bhus go dtí áit éigin i gContae an Chláir. Ar an Déardaoin rachaimid ar bhád go dtí oileán éigin.’ Bhí strainc orm agus mé á rá. ‘Traein, bus, báid. Gach bealach taistil a thaitníonn le Mam in aon turas amháin, nach bhfuil sin go hiontach?’

