‘Go dtí áit éigin agus oileán éigin?’ arsa Daid de gháire. ‘Nach bhfuil a fhios agat cad is ainm dóibh?’
‘D’inis Mam na hainmneacha dom ach ní cuimhin liom cad iad. Rachaidh mé ar an turas ach níl mé chun taitneamh a bhaint as.’
Chroith Daid a cheann. ‘Róise bhocht,’ ar sé. ‘Tá tú lánchinnte go mbeidh saoire uafásach agat. An mbeidh tú crosta má bhíonn saoire an-deas agat?’
‘Ná bí tusa ag magadh fúm, a Dhaid. Ar mhaith leatsa dá mbeadh cosc ort dul ar eitleán?’
‘Is dócha nár mhaith. Ceapaim go bhfuil sé go breá dul ar eitleán cúpla uair sa bhliain. Ach bíonn tuairimí láidre ag Úna faoi na ceisteanna seo.’
‘Tá náire orm faoin sórt laethanta saoire a bheidh agam.’ Chrom mé isteach chuige agus impí i mo shúile. ‘Ach is féidir leatsa cabhrú liom, a Dhaid.’
‘Abair liom, a stór. Cabhróidh mé leat más féidir liom é. Ach ní bheidh mé ag argóint le do mham faoin bplean atá aici.’

