Ar feadh trí sheachtain ina dhiaidh sin níor tháinig stad ar Mham ach ag ullmhú rudaí dom.
Thug sí trunc nua ón Daingean chugam agus bhí seó rudaí istigh ann.
Bhí léinte ann, agus tuáilí, agus cíor do mo chuid gruaige, agus mailín beag chun mo chulaith oíche a chur isteach ann, a dhuine.
Bhí ciarsúir phóca, leis, ann, agus stocaí, agus dhein an táiliúir dhá chulaith éadaigh dom. Fuair mé dhá phéire ghleoite bróg nach raibh aon tairne iontu ach iad ag díoscán nuair a shiúlainn.
Bhí mé ag gabháil an bóthairín síos lá nuair a ghlaoigh Tadhg Óg thar n-ais orm. “Cogar i leith, a Jimín," ar seisean, "cad tá an dá bhróig sin a rá le chéile?"
“Tin t'fhiafraithe ar do sheanmháthair!" arsa mise. Bhí mé cráite aige, ach níor dhein sé ach gáire fúm. Is dóigh leis go bhfuil sé an-smeartáilte.
Beidh mé ag imeacht amárach agus de réir mar a chloisim ní ró-mhór d'aga a bheidh agam chun a thuilleadh cuntas mar seo a scríobh.
Is dócha go bhfuil an cruatan i mo chomhair. Deir Mam liom go gcuirfear urchall ansiúd liom, srian, agus go mbeidh mé ag gol fós i ndiaidh mo mháthar agus an tsaoil bhreá a bhí agam uaithi.
Dar fia! má bhíonn siad níos crua orm ná mar bhí Mam tá an donas buí go léir orthu. Ní ró-mhaith atáim in aon chor istigh liom féin na laethanta so. Táim idir fonn is faitíos, a dhuine.

116
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 116

Scéalta