Tháinig Máire Aindí aréir agus thug sí dhá phéire stocaí dom.
Thug Tadhg Óg is Nell bille puint dom.
Tháinig Micilín Eoin chugam ó chiainibh agus bhí saghas náire air agus ní dúirt sé aon ní go ceann tamaill. Ansin tharraing sé scian as a phóca agus chuir sé i m'aice ar an mbord í agus deora óna shúile.
Thug sé iarracht ar rud éigin a rá ach ní fhéadfadh, leis an tocht goil. Ansin rith sé an doras amach uaim ag gol.
Deir Cáit go raibh Micilín an-cheanúil ormsa. Thug mé an píopa adhmaid a bhí i bhfolach sa stáca agam do Cháit, chun é a thabhairt do Mhicilín amárach.
Tá mo thrunc pacáilte sa chistin. An rud deireanach a chuir Mam ann ná císte mór aráin a raibh rísíní ann. Tá na comharsana ar fad sa chistin - is dócha gur mar gheall ormsa é. Thug a lán acu scillingí agus leathchorónacha dom agus bhí siad go léir do mo chomhairliú agus do mo mholadh.
Tá Cáit ag gol ó tháinig an tráthnóna agus níl focal as Daid. Nílim féin ar mo chúilín tseabhrach ach chomh beag le duine. Níl aon duine go ceart ach Mam. Ní chorródh an saol í sin.
* * *
Tá siad go léir imithe abhaile agus dúirt Mam liomsa dul a chodladh. Nuair a tháinig mé don seomra lean sí mé agus bhí sí i bhfad do mo chomhairliú. Ansin rug sí barróg orm agus phóg sí mé agus chonaic mé deora ina súile nuair a bhí sí ag imeacht.
Ní mór go bhfeicim féin an páipéar seo bhfuilim ag scríobh air le gach re racht goil agus uaignis.

117
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 117

Scéalta