‘An lá arna mhárach bhí Muirne ar iarraidh. Tásc ná tuairisc ní raibh ag éinne uirthi. Focal ná fáirnéis níor chualamar fúithi go ceann ráithe. Cheap cuid againn go mb’fhéidir gurb as a céill a chuaigh an créatúr agus bás uaigneach a theacht uirthi i log sléibhe eicínt nó a bá i bpoll móna. Chuardaigh na comharsana na conic máguaird, ach ní raibh a rian le feiceáil.
‘Tráthnóna áithrid bhí mé féin ag baint fhataí sa ngarraí nuair a chonaic mé an bhean aonraic ag déanamh orm isteach an bóthar. Bean ard chaol. An cloigeann crochta go maith aici. Siúl mór fúithi.
“Má tá Muirne Ní Fhiannachta beo,” a deirimse liom féin, “is í atá ann.” Ba í, ’deile. Síos liom go bóthar.
‘“’Sé do bheatha abhaile, a Mhuirne,” a deirim léi. “An bhfuil aon scéal leat?”
‘“Tá, a mhainín,” ar sise, “scéal maith. Chuaigh mé go Gaillimh. Chonaic mé Gobharnóir an phríosúin. Dúirt sé liom nach bhféadfadh sé aon bhlas a dhéanamh, gurb iad muintir Bhaile Átha Cliath a d’fhéadfadh a ligean amach as an bpríosún má bhí a ligean amach le fáil. D’imigh mé orm go Baile Átha Cliath. A Thiarna, nach iomaí bóthar crua clochach a shiúil mé, is nach iomaí baile mór breá a chonaic mé sular tháinig mé go Baile Átha Cliath. ‘Nach mór an tír í Éire,’ a deirinn liom féin chuile thráthnóna nuair a hinsítí dhom go raibh an oiread seo de mhílte le siúl agam sula bhfeicfinn Baile Átha Cliath. Ach, buíochas mór le Dia agus leis an Maighdean Ghlórmhar, shiúil mé isteach ar shráid Bhaile Átha Cliath sa deireadh, tráthnóna fuar fliuch. Fuair mé lóistín. Maidin lá arna mhárach chuir mé tuairisc an Chaisleáin. Cuireadh ar an eolas mé. Chuaigh mé ann. Ní ligfí isteach mé i dtosach, ach bhí mé leo go bhfuair mé cead cainte le fear eicínt. Chuir seisean go fear eile mé, fear a bhí ní b’airde ná é féin. Chuir seisean go fear eile mé. Dúirt mé leo uilig gur theastaigh uaim Lord Leifteanantna Banríona a fheiceáil. Chonaic mé sa deireadh é. D’inis mé mo scéal dó. Dúirt sé liom nach bhféadfadh sé aon cheo a dhéanamh. Thug mé mo mhallacht do Chaisleán Bhaile Átha Cliath agus amach an doras liom. Bhí punta i mo phóca agam.
Leathanach 23