“Tabharfaidh an sagart mo mhaicín abhaile leis,” a deireadh sí.
‘Ní raibh tada ag déanamh imní dhi ach faitíos nach mbeadh an chulaith nua réidh roimh theacht Chóilín. Ach bhí sí críochnaithe sa deireadh, gach ní réidh aici, caoi ar an teach agus an chulaith nua leagtha ar chathaoir os comhair na tine, agus gan an sagart ar fáil.
“Nach ar Chóilín a bhéas an t-áthas nuair a fheiceas sé an slacht atá ar an teach agam,” a deireadh sí. “Nach é a bhreathnós go galánta ag dul an bóthar chuig Aifreann Dé Domhnaigh agus an chulaith sin air!”
‘Is cuimhneach liom go maith an tráthnóna ar tháinig an sagart.
Bhí Muirne ag fanacht leis ó mhaidin, an teach glan aici, agus an bord leagtha.
’Sé do bheatha abhaile,” a dúirt sí, ag teacht isteach don tsagart. Bhí sí ag faire ar an doras mar a bheadh sí ag brath ar dhuine eicínt eile a theacht isteach. Ach dhruid an sagart an doras ina dhiaidh.
‘“Cheap mé gur leat féin a thiocfadh sé, a Athair,” arsa Muirne.
“Ach, ’sé an chaoi nár mhaith leis teacht ar charr an tsagairt, ar ndóigh. Bhí sé cúthail mar sin i gcónaí, an créatúr.”
“A Mhuirne bhocht,” a deir an sagart, ag breith ar dhá láimh uirthi, “ní cabhair dhom an fhírinne a cheilt ort. Níl sé ag teacht ar chor ar bith. Níor éirigh liom tada a dhéanamh. Ní éistfeadh siad liom.”
‘Ní dúirt Muirne focal. Chuaigh sí anonn agus shuigh síos ar aghaidh na tine. Lean an sagart anonn í agus leag a lámh ar a gualainn.
“A Mhuirne,” a deir sé, mar sin.
“Lig dom féin, a Athair, go fóillín,” ar sise. “Go gcúití Dia agus a Mháthair leat a ndearna tú dhom. Ach lig dom féin go fóill. Cheap mé go dtabharfá abhaile chugam é, agus is mór an buille orm gan a theacht.”
D’fhág an sagart léi féin í. Cheap sé nár chabhair a bheith léi go mbeadh pian an bhuille sin maolaithe.
Leathanach 22