‘An rud atá i gceist agat,’ arsa mise, ‘ná go bhfuil do chuid airgid ag dul ar do chlann nua. Agus do chuid ama freisin.’ Bhí díomá agus fearg orm. ‘Má théim ar laethanta saoire libh go léir go Menorca, beidh tusa gafa leis an leanbh an t-am ar fad.’
‘Fiadh is ainm do do dheirfiúirín óg, a Róise. Tuigim go bhfuil na cúrsaí seo deacair ort. Ach má thagann tú ar saoire linn, geallaim duit go ndéanfaidh an bheirt againn rudaí spraíúla le chéile.’
Mheasc mé an liomanáid i mo ghloine leis an sop. Bhí an ghrian ag taitneamh, bhí éadaí deasa nua orm, bhí mo dhaid ag iarraidh a bheith cineálta liom agus fós bhí mé crosta, cantalach.
‘Má théim ar saoire libh, beidh tú gafa léi sin freisin.’ Níor fhéach mé sna súile ar mo dhaid agus mé á rá.
‘Léi sin, a Róise? Le Bláthnaid atá i gceist agat?’ Go géar a d’fhreagair sé mé an uair seo. ‘Tá Bláthnaid an-cheanúil ort ach ní thugann tú seans di.’
Mheasc mé an liomanáid arís. Bhí a fhios agam nár labhair mé go cineálta leis. Agus thuig mé go raibh an argóint caillte agam. Seans amháin a bheadh agam dul go dtí an Spáinn an samhradh seo.
D’oscail mé mo bhéal chun a rá go rachainn leo ar saoire. Ach thóg mo dhaid amach a ghuthán ag an nóiméad céanna. Léigh sé teachtaireacht nua a fuair sé. Chroith sé a cheann agus d’fhéach sé orm. Bhí a fhios agam go raibh leithscéal ag teacht.
‘Caithfidh Bláthnaid píosa oibre a dhéanamh i dteach sa cheantar seo. Fágfaidh sí Fiadh linn ar feadh tamaillín. Tá brón orm cur isteach ar ár gcomhrá, a Róise. Ach beidh sé go deas...’
Ba chóir go mbeadh an iarnóin ar fad agam le mo dhaid. Ach ní mar sin a bhíonn i gcónaí. Is leictreoir í Bláthnaid agus de bharr go bhfuil Fiadh deich mí d’aois, bíonn Bláthnaid ag obair roinnt laethanta gach seachtain. Mhínigh Daid dom go raibh fadhb éigin leis an leictreachas i dteach ar eastát nua. Chroith mé mo ghuaillí chun a thaispeáint nár theastaigh uaim éisteacht le míniú fada uaidh.

