Chonaiceamar Bláthnaid ag deifriú go dtí an caifé go luath ina dhiaidh sin. Tá sí fionn, tanaí agus galánta ina stíl. Bhí éadaí oibre uirthi ach fós bhí sí faiseanta, snasta. Níos faiseanta agus níos snasta ná mar a bhíonn mo mham, rud nach dtaitníonn liom.
Bhí Fiadh léi sa bhugaí. An nóiméad a d’imigh Bláthnaid, thosaigh Fiadh ag gol. Scread sí amach os ard mar gur imigh a mamaí gan í. Chonaic mé daoine eile ag féachaint orainn. Ní raibh siad pioc sásta, dar liom, go raibh leanbh ag screadach in aice leo.
Thóg mo dhaid amach as an mbugaí í. Labhair sé go ciúin cneasta le Fiadh ach scread sí arís. Ní raibh a fhios agamsa conas cabhrú leo. Bhí a plucaí dearg agus bhí deora móra ag sileadh óna súile.
Dúirt Daid go siúlfadh sé thart léi. Sheas sé go tapa agus Fiadh ina bhaclainn aige. Rinne sé dearmad go raibh a ghloine liomanáide agus na plátaí sicín ar an mbord. Scuab Fiadh a lámh bheag i leataobh go crosta agus leag sí an ghloine. Thit an ghloine ar an talamh agus bhris sí ina smidiríní. Dhoirt an liomanáid ar chosa mo dhaid. Ba bheag nár scread seisean amach os ard freisin.
Bhí an áit ina rí-rá. Bhí smidiríní gloine ar fud na háite. Bhí liomanáid ag sileadh ar na plátaí sicín. Bhí custaiméirí eile ag cúlú uainn. Freastalaí ag deifriú chugainn. Daid á ghlanadh féin agus Fiadh ina bhaclainn. Rinne sé leithscéal leis an bhfreastalaí agus é ar a dhícheall an leanbh a chiúnú.
Bhí eagla ormsa Fiadh a thógáil uaidh. Bím neirbhíseach faoi leanbh a thógáil i mo bhaclainn. Bhí liomanáid ag sileadh ar an urlár. B’fhéidir go sleamhnóinn air agus go ligfinn don leanbh titim. Sheas mé go mall ach dúirt Daid liom suí arís. Ghlan an freastalaí an bord agus thóg sí na plátaí sicín uainn.
Bhí an ghrian fós ag taitneamh, bhí éadaí deasa nua orm ach bhí mo dheirfiúirín nua crosta, cantalach. Shiúil Daid timpeall an chúinne ón gcaifé. Shuigh mise i m’aonar agus mé trí chéile ag an saol. An mbeadh Fiadh ag gol is ag screadach sna caiféanna sa Spáinn?

13