D’imigh seachtain. Níor tháinig aon litir. D’imigh seachtain eile. Níor tháinig aon litir. D’imigh an tríú seachtain. Níor tháinig aon litir. Bhainfeadh sé deora as na clocha glasa a bheith ag féachaint ar Mhuirne agus an imní a bhí uirthi. Bhrisfeadh sé do chroí a feiceáil ag dul isteach an bóthar chuig an sagart gach uile mhaidin. Bhí faitíos orainn labhairt léi i dtaobh Chóilín. Bhí drochamhras orainn. Bhí drochamhras ar an sagart. Dúirt sé linn lá gur chuala sé ó shagart eile i nGaillimh nach mó ná go maith a bhí Cóilín, gur mór a bhí an príosún ag goilliúint ar a shláinte, go raibh sé ag imeacht as i ndiaidh a chéile. Níor insíodh an scéal sin do Mhuirne.
Lá amháin bhí gnaithe agam féin den tsagart, agus chuaigh mé isteach chuige. Bhíomar ag comhrá sa bparlús nuair a chualamar coiscéim duine ar an tsráid taobh amuigh. Níor buaileadh ar dhoras an pharlúis, ach isteach sa tseomra le Muirne Ní Fhiannachta agus litir ina láimh aici. Is ar éigean a d’fhan caint aici.
“Litir ón mBanríon, litir ón mBanríon!” ar sise.
Rug an sagart ar an litir. D’oscail sé í. Thug mé faoi deara go raibh a lámh ar crith agus é á hoscailt. Tháinig dath an bháis ina éadan tar éis a léamh dhó. Bhí Muirne ina seasamh os a chomhair amach, a dhá súil ar lasadh ina ceann, a béal leath ar oscailt.
“Céard a deir sí, a Athair?” ar sise. “An bhfuil sí á chur abhaile chugam?”
“Ní ón mBanríon a tháinig an litir seo, a Mhuirne,” arsa an sagart, ag labhairt go mall, mar a bheadh tocht eicínt air, “ach ó Ghobharnóir an phríosúin i mBaile Átha Cliath.”
“Agus céard a deir sé? An bhfuil sé á chur abhaile chugam?”
Níor labhair an sagart go ceann nóiméid. B’fhacthas dom go raibh sé ag iarraidh cuimhniú ar fhocla eicínt, agus na focla, mar a déarfá, ag dul uaidh.

Leathanach 27