“A Mhuirne,” ar seisean sa deireadh, “deir sé go bhfuair Cóilín bocht bás inné.”
Ar chloisteáil na bhfocal sin di, phléasc Muirne ag gáirí. A leithéid de gháirí ní chuala mé riamh. Bhí an gáirí sin ag seinm i mo chluasa go ceann míosa ina dhiaidh sin. Rinne sí cúpla scairt uafásach gáirí agus ansin thit sí i lagar ar an urlár.
Tugadh abhaile í agus bhí sí ar a leaba go ceann leathbhliana. Bhí sí as a meabhair ar feadh na haimsire sin. Tháinig sí chuici féin i ndiaidh a chéile, agus ní cheapfadh duine ar bith go raibh aon cheo uirthi anois ach amháin go síleann sí go bhfuil a mac gan filleadh abhaile fós ó aonach Uachtair Aird. Bíonn sí ag fanacht leis i gcónaí, ina seasamh nó ina suí sa doras leath an lae, agus chuile ní réidh aici roimh a theacht abhaile. Ní thuigeann sí go bhfuil aon athrú ar an saol ón oíche sin. Sin é an fáth, a Chóilín,’ arsa m’athair liom, ‘nach raibh a fhios aici go raibh an bóthar iarainn ag teacht chomh fada leis an Teach Dóite. Amanta cuimhníonn sí uirthi féin agus tosaíonn uirthi ag caoineadh mar a chonaic tusa í. ’Sí féin a rinne an caoineadh údan a chuala tú uaithi. Go bhfóire Dia uirthi,’ arsa m’athair, ag cur deiridh lena scéal.
Leathanach 28