‘Agus, a Dheaide,’ arsa mise, ‘ar tháinig aon litir ón mBanríon ina dhiaidh sin?’
‘Níor tháinig, ná a dath.’
‘Meas tú, a Dheaide, an é Cóilín a mharaigh an tiarna?’
‘Tá a fhios agam nach é,’ a deir m’athair. ‘Dá mba é, d’amhdódh sé é. Tá mé chomh cinnte is atá mé beo anocht gurb é an fear dubh a mharaigh an tiarna. Ní abraim nach raibh Cóilín bocht sa láthair.’
‘Ar rugadh riamh ar an bhfear dubh?’ arsa mo dheirfiúr.
‘Ní rugadh, muis,’ arsa m’athair. ‘Is beag an baol a bhí air.
‘Cérbh é an fear dubh, meas tú, a Dheaide?’ arsa mise.
‘Creidim i láthair Dé,’ arsa m’athair, ‘gur pílear ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath a bhí ann. Chonaic Cuimín Ó Nia fear an chosúil leis ag tabhairt fianaise in aghaidh buachalla eile i dTuaim bliain ina dhiaidh sin.’
‘A Dheaide,’ arsa Seáinín go tobann, ‘nuair a bhéas mise i m’fhear, maróidh mé an fear dubh sin.’
‘Go sábhála Dia sinn,’ a deir mo mháthair.
Leag m’athair a lámh ar chloigeann Sheáinín.
‘B’fhéidir, a mhaicín,’ ar seisean, ‘go mbeadh muid uilig ag baint teailí hó as an arm dubh sula rachas cré orainn.’
‘Tá sé in am Paidrín,’ a deir mo mháthair.
Leathanach 29