Tá cuid de na buachaillí i mo rang ceart go leor ach is rud difriúil é labhairt le buachaill atá dhá bhliain níos sine ná mé.
D’inis mé do Charlie faoin ngloine bhriste. Chonaiceamar Daid ag siúl timpeall an chúinne. Bhí Fiadh fós ag gol ach ní raibh sí ag screadach.
‘Óicé, tuigim,’ arsa Charlie. ‘Tarlaíonn rudaí mar sin ó am go ham.’
D’fhéach mé féin agus Charlie ar a chéile. Smaoinigh mé go tobann ar mo phlean beag rúnda. An plean a bhí agam a rá le mo chairde go raibh mé ag dul ar saoire i dtír eile agus ní in Éirinn. B’fhéidir go mbeadh Charlie in ann cabhrú liom.

14