Ar an mbealach ar ais ón Leacht go Dúlainn, stopamar ag caifé mór thuas an cnoc ó shráidbhaile darb ainm Lios Ceannúir. Tá ainmneacha na mbailte ar eolas agam anois mar go raibh Mam ag caint fúthu an lá ar fad. Shuíomar síos sa chaifé agus thosaigh sí ag comhrá le triúr óg a bhí in aice linn. Bíonn sí an-chairdiúil le strainséirí. Is breá léi a gcuid scéalta a chloisteáil, a deir sí go minic.
Iodálaigh atá ar saoire in Éirinn ab ea an triúr óg. Is aoibhinn leo an tír. Is breá leo Contae an Chláir agus contaetha eile freisin. Radhairc áille agus daoine cairdiúla i ngach áit, ar siad. Ní chuireann an aimsir isteach orthu. Lá fliuch, lá tirim, lá scamallach, lá geal, ar siad. Is breá leo go mbíonn sé difriúil gach lá. Bíonn an aimsir róthe san Iodáil sa samhradh, ar siad.
Ní dúirt mise focal ach cheap mé go raibh siad as a meabhair. Conas is féidir a rá go mbíonn an aimsir níos fearr in Éirinn ná san Iodáil? B’fhéidir gur breá leo a bheith difriúil leis an slua. Ach d’imigh an phian i mo bholg agus mé ag éisteacht leo.
Bhí seisiún ceoil sa tábhairne i nDúlainn an oíche sin. Bhí cead agam a bheith ann go dtí a naoi a chlog. Bhí an áit plódaithe agus labhair Mam le daoine ón nGearmáin, ón Eilbhéis agus as Ceanada. Thaitin an ceol go mór leo. Bhí siad ag bualadh bos go tréan. Bhí cuid acu ar saoire rothaíochta timpeall ar an gcósta. Bhí siad ag gáire faoin ngaoth agus faoin mbáisteach. Ní bheidís ag gáire, dar liomsa, dá mbeidís in Éirinn an bhliain ar fad.
D’fhéach mé ar mo ghuthán roimh dúinn dul amach go dtí an tábhairne. Tá rianaire ar an nguthán a dhúnann síos é tar éis dom uair an chloig sa lá a chaitheamh air. Bhí pictiúir as Malaga curtha suas ag Sinéad. Roinn cailín eile sa rang pictiúir de thrá aoibhinn in aice le Barcelona. Gúnaí samhraidh agus spéaclaí gréine ar an mbeirt acu. Am iontach acu, ar ndóigh. Ní theastaíonn uaim pictiúir de chlocha a roinnt le mo chairde, ná fiú pictiúir de na haillte cáiliúla.

