An plean atá agamsa ná pictiúir a chur suas as Londain. Spéaclaí gréine orm agus an túr cáiliúil i Londain le feiceáil in aice liom. Bhí mé i Londain dhá bhliain go leith ó shin,
tamall gearr sular scar mo thuismitheoirí ó chéile. Tá
grianghraif agam ón am sin ach caithfear cúpla athrú a
dhéanamh orthu. Sin an fáth ar iarr mé ar Charlie cabhrú liom. Ní theastaíonn uaim pictiúir de chlocha a roinnt le mo chairde, ná fiú pictiúir de na haillte cáiliúla.
Phreab an guthán fad a bhí mé ag féachaint air.
Teachtaireacht ó Charlie. Faoi dheireadh.
Brón orm, i Sasana ag cluiche peile le mo dhaid. Pics amárach súil agam.
Tháinig an dara teachtaireacht uaidh cúpla nóiméad níos déanaí. Scéal nuachta ón Iodáil. Drochscéal do Zara, is cosúil.
Stoirm sa Veinéis ó inné. Uisce ag ardú, óstáin ag dúnadh.

