‘Nach bhfuil sé go hálainn!’ arsa Mam. ‘B’fhéidir go rachaimid ag snámh níos déanaí.’
Is fíor go raibh an radharc go deas. Ach ní dúirt mé é sin os ard. Agus ní rachaidh mise ag snámh in éineacht léi. Bíonn an t-uisce rófhuar thart ar chósta na hÉireann.
Chuamar go dtí teach tábhairne don lón. Ag bord lasmuigh a d’itheamar é. Thosaigh mo mham ag comhrá le grúpa turasóirí, ar ndóigh. Grúpa Iodálach arís, agus iad ar thuras rothaíochta . Agus an seanscéal céanna, bhí siad i ngrá leis an áit. Bhí muintir an oileáin go hiontach cairdiúil, fáiltiúil. Bhí na bóithríní agus na ballaí cloiche go haoibhinn. Ansin thosaigh siad ag caint faoi na stoirmeacha san Iodáil. An stoirm is measa riamh sa Veinéis i mí Aibreáin, arsa fear amháin. Tá an aeráid ag athrú, arsa duine de na mná, agus níor stop an bháisteach le trí lá anuas. Tá na turasóirí sa Veinéis ina bpríosúnaigh sna hóstáin mar go bhfuil an t-uisce sna canálacha ró-ard.
D’imigh an grúpa leo agus smaoinigh mé ar Zara. An raibh sí ina príosúnach san óstán galánta? D’fhéach mé ar mo ghuthán go tapa. Ní raibh aon phictiúr nua curtha suas aici.
Bhuail mo ghuthán go tobann. Bhí an-iontas orm. Ní ghlaonn aon duine orm ach mo mham Úna. Bhí sise ag íoc an bhille agus ag comhrá go sásta leis an bhfreastalaí. D’fhéach mé go tapa ar an ainm ar an scáileán.
Charlie a bhí ann. Déagóir ag cur glao gutháin? Is aisteach an buachaill é. Chuir mé teachtaireacht chuige. Gafa anois, glaofaidh mé ar ball.
Dúirt mé le Mam gur mhaith liom siúlóid bheag liom féin. ‘Cinnte dearfa,’ ar sí go sásta. ‘Feicfidh mé thú anseo go luath.’ Shiúil mé síos an bóthar agus ghlaoigh mé ar ais ar Charlie. Bhí an ghaoth ag séideadh agus ní raibh sé an-éasca é a chloisteáil ar an líne.
‘Tá mé fós i Sasana,’ ar sé. ‘Bhí cluiche peile i Learpholl inné agus beidh ceann eile i Londain inniu.’
‘An bhfuil na grianghraif agat?’ a d’fhiafraigh mé. Ní raibh suim agam sna cluichí peile i Sasana.
‘Thriail mé ceann amháin a athrú ar maidin. Tá sé ceart go leor.’
‘Ceann amháin? Cad faoi na cinn eile?’

19