‘Ceapaim nach maith an plean é, a Róise. Sin an fáth ar ghlaoigh mé ort.’
‘Gheall tú dom go ndéanfá é, Charlie.’
‘Ba cheart duit an fhírinne a insint faoi do laethanta saoire. Ní maith liom cabhrú leat bréaga a insint.’
D’fhéach mé thart orm agus mé ag iarraidh freagra a thabhairt air. ‘Tá mo scéal beagnach fíor, Charlie. An chéad uair eile inseoidh mé do mo chairde go bhfuil mé ar oileán beag clochach.’
‘Inis dóibh é an uair seo. Ba bhreá liomsa a bheith ar oileán beag. Tá an ceart ag do mham. Is smaoineamh iontach é saoire gan eitilt ná tiomáint.’
Bhí Charlie chomh dona le mo mham. Ba cheart dóibh dul ar saoire le chéile. Bhí díomá orm agus níor fhreagair mé é.
‘A Róise, an bhfuil a fhios agat cé mhéad duine ar domhan nach dtéann ar eitleán riamh ina saol? Riamh riamh?’
‘Cé mhéad?’ Rinne mé mo dhícheall gan é a rá go crosta. Bhí dóchas éigin agam fós go gcabhródh sé liom.
‘Rinne cara liom togra faoin ngéarchéim aeráide do chomórtas Eolaí Óg na bliana seo caite. Chabhraigh mé leis taispeántas a chruthú ar an ríomhaire don togra. Bhailigh sé eolas faoi na bealaí taistil difriúla a úsáideann daoine ar fud an domhain. Bhí iontas orm faoi na rudaí a fuair sé amach.’
Bhí an mí-ádh orm. Dá mbeadh Charlie cosúil leis na déagóirí i mo rangsa, ní bhacfadh sé le togra faoi chúrsaí aeráide. D’éist mé leis go tostach, mífhoighneach.
‘Ceathrar as gach cúigear ar domhan,’ ar sé, ‘ní théann siad ar eitleán riamh, ar saoire ná ar aon chúis eile. Na milliúin agus na billiúin daoine.’
Ní raibh mé cinnte gur chreid mé é. Agus ní raibh fonn orm éisteacht leis na fíricí móra a d’fhoghlaim sé ar scoil. ‘Cén fáth a bhfuil tú á insint seo dom, Charlie? Bhíomar ag caint faoi na grianghraif a chuir mé chugat.’

