Ní dúirt mise mórán. Chuir Éabha roinnt ceisteanna orm ach ní raibh fonn cainte orm. Tá sí ceart go leor ach ní cairde sinn ar scoil. Ceapfaidh sí anois gur duine cantalach mé.
Smaoinigh mé ar mo phlean rúnda na grianghraif de Londain a roinnt ar mo ghuthán. Dá mbeadh Charlie tar éis cabhrú liom, bheadh na grianghraif sin le feiceáil ag leath mo ranga anois. Tá Éabha sa ghrúpa agus bheadh a fhios aici gur inis mé bréaga. D’inseodh sí do gach duine nach raibh mé i Londain. Agus tharlódh an rud céanna dá mbeinn tar éis a rá leis an ngrúpa gur tháinig mé féin agus Mam go hÁrainn ar eitleán.
Déarfadh sí gur bréagadóir mé. Bheadh náire an domhain orm. Ní chreidfeadh mo chairde focal amháin uaim riamh arís.

27