Ba bhreá liom a bheith cosúil leo, gan eagla ar bith orm. Bhí siad ag caint is ag gáire le chéile i dteanga nár aithin mé. Bheadh eagla ormsa suí ná seasamh in aice leis an imeall. Dá sleamhnódh mo chos, thitfinn síos san aigéan. Ba bhreá liom a bheith muiníneach, misniúil mar a bhí siadsan. Ach ag an am céanna ceapaim go bhfuil an ceart agam a bheith cúramach.
‘A Róise! Hé, a Róise!’
Bhí mé gafa le mo chuid smaointe féin. Thóg sé nóiméad orm a thuiscint go raibh duine éigin ag béicíl orm.
‘A Róise, an bhfuil tusa ar saoire anseo?’
D’fhéach mé thart orm. Cailín i mo rang a bhí ag glaoch amach orm. Éabha is ainm di.
‘Táimid anseo don lá,’ a d’fhreagair mé. Sheas mé suas go tapa. Bhí beagán mearbhaill orm. ‘Táimid ag dul go Gaillimh an tráthnóna seo...’
‘Tá an áit seo dochreidte, nach bhfuil? Tá an stair agus an cultúr an-suimiúil. Léigh mé leabhar beag faoin saol in Árainn.’
Cuireann Éabha a lámh suas sa rang go minic. Rómhinic, a deir Zara.
‘Táimid ar Inis Mór le trí lá anois,’ ar sí. ‘Bhí seisiún mór ceoil ar siúl aréir. Bhí fiche ceoltóir ag seinm le chéile agus lig siad domsa an consairtín a sheinm leo.’
Is duine ceolmhar í Éabha. Seinneann sí trí nó ceithre uirlis cheoil. Stop mise ag freastal ar ranganna ceoil mar nach raibh suim ag mo chairde iontu.
‘Bhí seisiún ceoil ar siúl i nDúlainn,’ a dúirt mé go bacach. Bhí sé an-aisteach casadh le cailín ó mo rang thuas ar chnoc ar imeall an Atlantaigh. D’fhéach mé thart orm agus chonaic mé mo mham ag comhrá le bean eile. Máthair Éabha a bhí ann. Tá aithne ag mo mham Úna ar a lán tuismitheoirí. Bhíodh sí ag comhrá leo ag geataí na scoile nuair a bhíomar beag.
D’aontaigh siad go mbeadh lón againn le chéile i gcaifé ag bun an chnoic. Bhí athair agus deartháir Éabha sa chaifé linn. D’inis mo mham dóibh faoin taisteal a rinneamar ar thraein, ar bhusanna agus ar bháid. Bhí comhrá fada acu faoi na hoileáin timpeall ar chósta na hÉireann. Oileán Cléire agus Oileán Cliara. Inis Bó Finne ar chósta na Gaillimhe agus Inis Bó Finne ar chósta Dhún na nGall. Gach oileán níos áille ná a chéile, a d’aontaigh siad.

26