Bhí an tOireachtas le bheith i mBaile Átha Cliath an tseachtain dár gcionn. Ba bhrónach an dream sinn ar chuimhniú dúinn nach mbeadh Bríd na nAmhrán ann. Bhíomar lánchinnte nach bhfuair sí cothrom na Féinne i Maigh Chaorthainn, agus cheapamar dá ngabhfadh sí go Baile Átha Cliath go bhfaigheadh sí sásamh agus cúiteamh. Ach faraor, ní raibh aon airgead againn lena cur ann, agus, dá mbeadh féin, bhí a fhios againn nach nglacfadh sí uainn é. Bhíomar ag cur na ceiste trí chéile tráthnóna amháin ag binn tí an Bhádóra, nuair b'eo chugainn Máirtín Beag Ó Conghaile ar lánrith agus dúirt linn go raibh Bríd na nAmhrán imithe, an glas ar a doras, agus gan tásc ná tuairisc uirthi le fáil. Ní raibh a fhios againn céard a d'éirigh di go ceann coicíse ina dhiaidh sin.

7
Bríd na nAmhrán

Leathanach 7

Scéalta