Seo mar a tharla. Nuair a chuala sí go raibh an tOireachtas le bheith i mBaile Átha Cliath ar a leithéid seo de lá dúirt sí léi féin go mbeadh sí ann dá mairfeadh sí. Níor lig sí tada uirthi, ach d'imigh léi de shiúl oíche, ag coisíocht. Ní raibh ach cúpla scilling aici ina póca. Ní raibh a fhios aici cá raibh Baile Átha Cliath ná cá fhad uaithi é. Lean sí uirthi, is cosúil, ag iarraidh eolas an bhóthair ar na daoine a casadh di, ag coisíocht i gcónaí, nó gur fhág sí ina diaidh Cois Locha, agus an Spidéal, agus Gaillimh, agus an tÓrán Mór, agus Baile Átha an Rí, agus Cill Chonaill, agus Béal Átha na Sluaighe, agus Béal Átha Luain, agus an Muileann gCearr, agus Maigh Nuad, nó sa deireadh go bhfaca sí uaithi tithe Bhaile Átha Cliath. Is cosúil go raibh a cuid airgid caite i bhfad roimhe sin, agus ní bheidh a fhios ag deoraí go deo cén chaoi ar mhair an créatúr ar an aistear fada fíoruaigneach sin.

8
Bríd na nAmhrán

Leathanach 8

Scéalta