Bhí beagán iontais orm go mbeadh duine nua ag an gcóisir. B’fhéidir nach raibh aon rogha ag Zara ach cuireadh a thabhairt do Milly. Tá súil agam go mbeidh sise go deas cairdiúil. B’fhéidir go mbeidh sí cosúil liomsa, gan eolas maith aici ar an smideadh is fearr.
Chuamar suas go seomra codlata Zara. ‘Las na soilse, Alexa,’ ar sí, ar ár slí isteach sa seomra. Sin rud eile nach ndéanaimid sa bhaile. Ní bhacaimid le Siri ná Alexa ná a leithéid chun an teilifíseán ná an sorn a chur ar siúl. Bhí mo chroí i mo bhéal nuair a chonaic mé seomra Zara, é dhá nó trí uaire níos mó ná mo sheomrasa. Bhí an leaba chomh mór sin go mbeadh spás dúinn go léir dul a chodladh ann.
‘Scáileán, Alexa!’ arsa Zara ansin. Shleamhnaigh painéal ar an mballa siar agus chonaiceamar teilifíseán ollmhór lonrach ar crochadh mar a bheadh pictiúr ar an mballa. ‘Féachfaimid ar scannán níos déanaí, a chailíní,’ arsa Zara. ‘Ach spraoi is smideadh ar dtús!’
Bhí an seomra ullamh don chóisir. Bhí béaldathanna ar bhord beag amháin, iad dearg, bándearg, scarlóideach, lonrach. Bhí balsam béil agus snas béil air, agus ungadh de chineálacha difriúla le cur ar ár gcraiceann. Bhí scáthú súl de gach dath ann, corcra, dubhghorm, órga, pé dath ba bhreá linn a phéinteáil ar ár súile.
Bhí dhá bhord eile sa seomra. Dathú ingne ar cheann amháin, mar aon le hingne bréige agus stuif eile nár aithin mé. Ar bhord na gruaige bhí scuabanna, rollóirí, ribíní agus fáiscíní. Agus bhí coróin órga ar philiúr bán ar an leaba ollmhór, don bhanphrionsa í féin, Zara. Ní thaitneodh coróin déanta de phlanda fiáin léi ar aon nós.
Ní raibh focail agam ar gach rud a chonaic mé. Bheadh Charlie ag gáire dá bhfeicfeadh sé an áit. D’inis mé dó go raibh mé an-sásta nár athraigh sé na grianghraif dom. Ar an Satharn seo caite thaispeáin sé cúpla cleas ar an ríomhaire dom chun gur féidir liom snas a chur ar ghrianghraif mé féin. B’fhéidir go mbeadh cóisir ríomhaireachta níos fearr ná an ceann seo.
Stopamar ag scáthán mór gar do na fuinneoga. Labhraíomar faoin difríocht idir a bheith róthanaí agus a bheith caol. Bhí mise buartha faoin ngúna buí a bhí orm. Bhí an cruth róscaoilte ach ní dúirt mé é sin os ard.

29